Ná bac séasúr na seafóide...
Tá liosta le háireamh ceisteanna go dteastaíonn ón rialtas díriú orthu an samhradh seo, a deir Máirín Ní Ghadhra
Bíonn muid ar fad tuirseach an tráth seo bliana. Bíonn an bhliain scoile ag teacht chun críche agus daoine ag tnúth le cúpla lá nó cúpla seachtain saoire.
Tá sin níos fírinní ná riamh i mbliana mar gheall ar ghéarchéim sláinte na mblianta seo caite. Tógann polaiteoirí agus an saol polaitiúil sos sa samhradh freisin. A luaithe agus a scortar an Dáil is ea thosaíonn séasúr na seafóide agus bíonn blas na fonóide agus na háibhéile ar na scéalta polaitiúla. Bíonn sé deacair na colúin a líonadh.
Ní hamhlaidh a bheidh i mbliana. Tá liosta le háireamh ceisteanna go dteastaíonn ón rialtas díriú orthu. Taca an ama seo anuraidh rinneadh gairm is gairm go leor as an bpolasaí tithíochta a bhí ar an mbealach agus an réiteach a bheadh againn ar deireadh ar ghéarchéim tithíochta na tíre. Tá an cheist a bhí lárnach sa bhfeachtas olltoghcháin i mí Feabhra 2020 chomh práinneach agus a bhí sí riamh. Tá an líon daoine atá gan dídean os cionn 10,000 arís. Tá costas cíosa scannalach, bíodh sin do chúplaí óga, teaghlaigh le páistí óga nó mic léinn a bheidh ar thóir lóistín i dtús an Fhómhair.
I mbliana tá costais fuinnimh, costas beatha agus arduithe eile ar an gcostas maireachtála. Baineann go leor den ardú ar an ráta boilscithe le cúrsaí soláthair de bharr Covid nó an cogadh san Úcráin. Tá ganntanas ola chócaireachta ann mar thoradh ar an gcogadh chomh maith le hardú ar pheitreal agus díosal. Tagann go leor den leasú talún a úsáidtear sa tír seo ón Úcráin – d’uireasa leasú is beag toradh a bheidh ag feirmeoirí agus beidh barraí gann. Tá sé tagtha chun solais le gairid go bhfuil plean éigeandála á réiteach i gcomhar ag ranna rialtais le ciondáil a chur i bhfeidhm ar bhreosla an geimhreadh seo chugainn. Beidh muid ag obair ón mbaile arís agus teorainn leis an méid taistil a fhéadfaidh muid a dhéanamh má thagann an crú ar an tairne ó thaobh soláthair. Ní bheidh mórán gean ar pholaiteoirí a chuireann a leithéid i bhfeidhm roinnt míonna tar éis srianta Covid a bheith maolaithe.
Tá sé tugtha le fios ag an Aire Caiteachais Phoiblí Michael McGrath go bhfuil fonn ar an rialtas breathnú go fabhrach ar éilimh ar arduithe pá. Tá tús curtha le cainteanna idir an rialtas agus ceardchumainn a d’fhéadfadh a bheith achrannach nuair a chuirtear san áireamh nach bhfuil an €1,000 breise a gealladh d’oibrithe sláinte íoctha go fóill. Deir an tAire McGrath freisin go bhfuil sé i gceist faoiseamh a thabhairt sa gcáinaisnéis do dhaoine a bhfuil costais throma cúraim leanaí orthu. Deir an Tánaiste go bhfuil an plean céanna aige féin ach gur mhaith leis díriú freisin ar fhaoiseamh cánach a thabhairt dóibh siúd atá ag saothrú timpeall ar €45,000 sa mbliain (iad siúd atá sáinnithe sa lár, mar a thugtar orthu). Tá na leidí seo ar fad á dtabhairt cé go bhfuil foláireamh réasúnta soiléir tugtha ag an gComhairle um Chomhairle Fioscach nach mór an scóip atá ag an rialtas le bheith ag caitheamh airgid.
Tá tubaiste an chórais sláinte ag leanacht ar aghaidh agus na liostaí feithimh níos faide ná riamh. Tá tacaíochtaí breise le cur ar fáil do na mílte teifeach atá ag teacht ón Úcráin. Tá an ráta boilscithe níos airde ná mar a bhí sé le scór bliain. Tá rátaí úis le n-ardú ar a laghad uair amháin idir seo agus deireadh na bliana. Is deacair a thuar cén chaoi a mbeadh tada ach drochscéala ag Pascal Donohue nuair a bheidh sé ag fógairt cáinaisnéise i mí Dheireadh Fómhair.
Tá tús á chur faoi láthair freisin leis na cainteanna idir an tAire Comhshaoil Eamon Ryan agus na ranna rialtais ar fad faoi spriocanna a bhaineann le hathrú aeráide agus astaíochtaí carbóin. Níl aon amhras ach go bhfuil obair mhór le déanamh más leis an tír cloí lena cuid spriocanna faoi laghdú ar thruailliú. Tá ranna ar leith, talmhaíocht agus an roinn iompair mar shampla, a bhfuil caint mhór á déanamh fúthu ach beidh a gcion féin le déanamh ag na ranna ar fad. Go drogallach atá muid mar thír ag tabhairt faoin dúshlán seo ainneoin a ndeir polaiteoirí faoi mhianta an rialtais. Tá teannas idir an tAire Ryan agus a chomhghleacaithe rialtais le fada ar an ábhar seo. Tá fadhbanna bunúsacha atá fós gan réiteach ar chuid den ullmhúchán sin: níl córas poiblí sásúil iompair sa tír seachas b’fhéidir i mBaile Átha Cliath. Níl aon infreastruchtúr do dhaoine a mbeadh fonn orthu carranna leictreacha a thiomáint beag beann ar an gcostas. Níl go leor de thithe na tíre oiriúnach ó thaobh caomhnú fuinnimh agus níl daoine atá in ann teach a cheannach in acmhainn na scórtha míle eile a chaitheamh lena réiteach. Ná labhair ansin ar na hathruithe atá á n-éileamh ar dhíol móna nó na pleananna atá le ceadú le muilte gaoithe a thógáil ar fud na tíre ar mhaithe le fuinneamh in-athnuaite a ghiniúint. Níl dáilcheantar sa tír nach mbeidh tionchar ag na beartais seo orthu agus níl beartas nach gcothóidh teannas idir an tAire Comhshaoil agus polaiteoirí eile.
Idir an dá linn, níl aon dea-scéal sna pobalbhreitheanna do na páirtithe rialtais. Is léir anois go bhfuil éirithe le Sinn Féin iad féin a chur i láthair mar mhalairt rialtais. Cé go bhfuil dhá bhliain eile go dtí dáta an chéad olltoghcháin eile is fánach an rud a chniogfadh an rialtas reatha. Mar thoradh ar bheirt Teachtaí de chuid an Chomhaontais Ghlais a bheith ar fionraí as a bpáirtí parlaiminte tá na huimhreacha sa Dáil sách teann. Ciallaíonn sin go mbeidh fáilte ag na Teachtaí ar fad agus ag na hAoirí go háirithe roimh shos an tsamhraidh. Ní bheidh sin ag déanamh imní dóibh ón 14 Iúil nuair a scorfar an Dáil ach beidh rud eile a dhíreoidh a n-aird go cruinn ar aon deacrachtaí atá ar an mbealach. Is nuair a bhíonn siad sa mbaile ar feadh tréimhse a thuigeann polaiteoirí dáiríre céard atá ag déanamh imní don phobal. Aon uair go mbíonn siad scaitheamh ina gcuid dáilcheantar ag meascadh leis an bpobal faigheann siad léargas ar na ceisteanna a gcaithfidh siad díriú orthu má tá siad leis an gceann is fearr a fháil ar a gcéile comhraic ag an gcéad toghchán eile.
Chomh maith le Sinn Féin a bheith in ann a thabhairt le fios go bhfuil leigheas ar chuile fhadhb acu – bíodh nó ná bíodh – tá an tuairim i measc an phobail go bhfuil athrú ag teastáil. Sin buille marfach do pháirtithe an rialtais go háirithe Fine Gael atá i rialtas anois le haon bhliain déag. Tá muinín an phobail caillte ag an dá pháirtí mhóra sa rialtas agus is cinnte anois gurb é an mhian is mó a bheidh acu ná a chinntiú go bhfanann siad le chéile ar mhaithe le Sinn Féin a choinneáil as oifig. Tá teannas sa dá pháirtí agus ceisteanna á gcur faoina gcuid ceannairí. Ceaptar go forleathan go mbeidh Micheál Martin ag éirí as mar cheannaire ar Fhianna Fáil nó go ndíbreofar é nuair a dhéanfar malartú ar ról an Taoisigh idir é féin agus Leo Varadkar faoi cheann sé mhí. Tá ceisteanna á gcur faoi cheannaireacht an Tánaiste freisin – níl aon toradh fós ar scrúdú an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí faoi na líomhaintí coiriúla ina leith faoi eolas a sceitheadh le cumann dochtúirí teaghlaigh. Chomh maith leis sin, tá tuairiscí go bhfuil cuid de na daoine ar mhian leo bheith mar chomharba air ag réiteach an bhealaigh dóibh féin. Tabharfaidh sos an tsamhraidh deis dóibh dlús a chur go cúlráideach leis an obair sin.
Labhróidh Micheál Martin agus Leo Varadkar ag an gcomóradh ar fheallmharú Mhíchíl Uí Choileáin i mBéal na Blá i mí Lúnasa. Ócáid stairiúil, céad bliain tar éis bháis don Choileánach, na páirtithe a d’eascair as an gcogadh cathartha a bheith ag roinnt an ardáin ag an gcomóradh. Beidh tuairim mhaith againn sa ráithe seo romhainn cé acu mar chomhghleacaithe geanúla a bheidh siad i láthair nó mar cheannairí faoi léigear agus faoi bhrú ag na dúshláin atá le sárú acu sa dara leath dá dtréimhse oifige.