Luíse Ghabhánach Ní Dhufaigh: Ceannródaí

Luíse Ghabhánach Ní Dhufaigh: Ceannródaí

Údar
Celia de Fréine
Praghas
€15.00
As stoc
  • Sraith: Saol agus Saothar
  • ISBN: 978-1-9998029-1-2
  • Líon leathanach: 400
  • Bliain foilsithe: 2019
  • Scaip an leabhar seo

Maidir leis an leabhar

Tá clú ar Luíse Ghabhánach Ní Dhufaigh as an chéad Ghaelscoil ó laethanta na scoileanna scairte, Scoil Bhríde, a chomhbhunú in 1917, ach ba mhó fós an t-éacht é don bhean seo nárbh eol di an Ghaeilge a bheith ann le linn a hóige. Sa bheathaisnéis seo déanann Celia de Fréine an bhean iomráiteach, fhísiúil, mhisniúil seo a bheochan le daonnacht agus le dúthracht taighde. Cíortar na gnéithe éagsúla dá saol, óna cúlra teaghlaigh neamhghnách is a hóige sa bhFrainc, go dtí a haistriú go hÉireann i ndiaidh báis a hathar, an pháirt ghníomhach a ghlac sí in Éirí Amach na Cásca agus a cuid oibre ceannródaíche ar feadh a saoil ar son an oideachais lán-Ghaelaigh.

*Bhuaigh an leabhar seo Duais Leabhar Taighde na Bliana ACIS 2018*

Údar

Celia de Fréine

Celia de Fréine

Scríobhann Celia de Fréine in iliomad seánraí i nGaeilge agus i mBéarla. I measc na ngradam atá buaite aici dá cuid filíochta tá Duais Patrick Kavanagh (1994) agus Gradam Litríochta Chló Iar-Chonnacht (2004). Deich gcnuasach atá i gcló aici go dtí seo. Tá go leor duaiseanna Oireachtais buaite ag a cuid drámaí mar aon le duaiseanna dá scripteanna scannán agus teilifíse sa tír seo agus i Meiriceá. Bhuaigh Ceannródaí, a beathaisnéis de Luíse Ghabhánach Ní Dhufaigh, Duais Leabhar Taighde na Bliana de chuid ACIS (2019) agus ainmníodh í ar an ngearrliosta do Dhuais Leabhar Gaeilge, An Post Irish Book Awards (2018) agus do Ghradam Uí Shuilleabháin (2019). Ainmníodh Cur i gCéill, an chéad choirscéinséir óna peann, ar ghearrliosta Dhuais Love Leabhar Gaeilge, An Post Irish Book Awards (2020). Ainmníodh An Dara Rogha, a húrscéal tuairimeach don aos óg, ar ghearrliosta Dhuais Love Leabhar Gaeilge, An Post Irish Book Awards (2022). In 2022 d’fhoilsigh LeabhairCOMHAR a rogha dánta mar aon le dánta nua sa saothar Aoi ag Bord na Teanga.

Tuilleadh eolais

Seans gur spéis leat na teidil eile seo…